×

We use cookies to help make LingQ better. By visiting the site, you agree to our cookie policy.

LingQ Mini Stories, 6 - Gnáthamh Oíche Shinéad agus Sheáin – Text to read

LingQ Mini Stories, 6 - Gnáthamh Oíche Shinéad agus Sheáin

Beginner 2 Irish Gaelic lesson to practice reading

Start learning this lesson now

6 - Gnáthamh Oíche Shinéad agus Sheáin

Scéal a sé:

Gnáthamh Oíche Shinéad agus Sheáin.

Bíonn Sinéad agus Seán tuirseach san oíche.

Itheann siad dinnéar le chéile ag a seacht.

Itheann a mac dinnéar leo.

Ligeann siad a scíth agus féachann siad ar an teilifís le chéile.

Féachann a mac ar an teilifís freisin.

Cuireann siad a mac a chodladh ar a hocht.

Bíonn folcadh te ag Sinéad.

Tógann Seán cith agus scuabann sé a chuid fiacla.

Léann Sinéad as leabhar, agus titeann sí ina codladh.

Titeann Seán ina chodladh go luath ina dhiaidh sin freisin.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil

Bíonn mé féin agus Seán tuirseach san oíche.

Ithimid dinnéar le chéile ag a seacht.

Itheann ár mac dinnéar linn.

Ligimid ár scíth agus féachaimid ar an teilifís le chéile.

Féachann ár mac ar an teilifís freisin.

Cuirimid ár mac a chodladh ar a hocht.

Bíonn folcadh te agam.

Bíonn cith ag Seán agus scuabann sé a chuid fiacla.

Léim as leabhar, agus titim i mo chodladh.

Titeann Seán ina chodladh go luath ina dhiaidh sin freisin.

Ceisteanna:

A haon: Bíonn Seán agus Sinéad tuirseach. An mbíonn Seán agus Sinéad tuirseach? Bíonn, bíonn siad tuirseach.

A dó: Itheann siad dinnéar ag a seacht. An itheann siad dinnéar ag a sé? Ní itheann siad dinnéar ag a sé. Itheann siad ag a seacht.

A trí: Tá mac acu. An bhfuil iníon acu? Níl, níl iníon acu, tá mac acu.

A ceathair: Féachann a mac ar an teilifís leo. An mbíonn a mac ag féachaint ar an teilifís? Bíonn, féachann a mac ar an teilifís leo.

A cúig: Téann sé a chodladh ag a hocht. An dtéann a mac a chodladh ag a naoi? Ní théann, téann sé a chodladh ag a hocht.

A sé: Bíonn folcadh te ag Sinéad. An mbíonn cith fholcadh ag Sinéad? Ní bhíonn cith fholcadh ag Sinéad. Bíonn folcadh te aici.

A seacht: Bíonn cith ag Seán agus scuabann sé a chuid fiacla. An scuabann Seán a chuid fiacla? Scuabann, bíonn cith fholcadh ag Seán agus scuabann sé a chuid fiacla.

A hocht: Léann Sinéad as leabhar. An léann Sinéad as leabhar? Léann, léann sí as leabhar.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE