2 - Tá Donncha ag iarraidh saoire a ghlacadh.
Scéal a dó:
Tá Donncha ag iarraidh saoire a ghlacadh.
Tá Donncha ar bís le haghaidh saoire an gheimhridh.
Tá roinnt ama saor aige sa gheimhreadh.
Ní chaithfidh sé a bheith ag obair ar feadh coicíse.
Tá sé ag iarraidh dul ar laethanta saoire.
Ach níl sé cinnte cá háit le dul.
Smaoiníonn sé ar dhul go dtí an Fhrainc.
Ach tá an Fhrainc daor.
Cosnaíonn na ticéid eitleáin go leor airgid.
Agus ní labhraíonn Donncha Fraincis.
Socraíonn sé fanacht sa bhaile, staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis, agus airgead a shábháil.
Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:
Tá sceitimíní orm faoi shaoire an gheimhridh.
Tá roinnt ama saor agam sa gheimhreadh seo.
Ní chaithfidh mé a bheith ag obair ar feadh coicíse.
Ba mhaith liom dul ar laethanta saoire.
Táim ag smaoineamh ar áit éigin le dul.
Ba mhaith liom dul go dtí an Fhrainc.
Ach tá an Fhrainc daor.
Cosnaíonn na ticéid eitleáin go leor airgid.
Agus ní labhraím Fraincis.
Socraím fanacht sa bhaile, staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis, agus airgead a shábháil.
Ceisteanna:
A haon: Tá Donncha ar bís faoi laethanta saoire an gheimhridh. An bhfuil Donncha ar bís? Tá, tá Donncha ar bís faoi laethanta saoire an gheimhridh.
A dó: Bíonn am saor ag Donncha sa gheimhreadh. An mbíonn am saor ag Donncha sa gheimhreadh? Bíonn, bíonn am saor ag Donncha sa gheimhreadh.
A trí: Ba mhaith le Donncha dul ar saoire. An bhfuil Donncha ag iarraidh fanacht sa bhaile? Níl, níl Donncha ag iarraidh fanacht sa bhaile. Tá sé ag iarraidh dul ar laethanta saoire.
A ceathair: Níl a fhios ag Donncha cá háit le dul. An bhfuil a fhios ag Donncha cá háit le dul? Níl, níl a fhios ag Donncha cá háit le dul.
A cúig: Tá Donncha ag smaoineamh ar dhul go dtí an Fhrainc ar a laethanta saoire. An bhfuil Donncha ag smaoineamh ar dhul go dtí an Fhrainc? Tá, tá Donncha ag smaoineamh ar dhul go dtí an Fhrainc ar a laethanta saoire.
A sé: Tá an Fhrainc daor. An bhfuil an Fhrainc saor? Níl, níl an Fhrainc saor. Tá an Fhrainc daor.
A seacht: Níl Fraincis ag Donncha. An labhraíonn Donncha Fraincis? Ní labhraíonn Donncha Fraincis.
A hocht: Socraíonn Donncha fanacht sa bhaile, staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis, agus airgead a shábháil ar na laethanta saoire.
A naoi: An socraíonn Donncha fanacht sa bhaile agus staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis? Socraíonn sé fanacht sa bhaile, staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis, agus airgead a shábháil ar na laethanta saoire.