×

我們使用cookies幫助改善LingQ。通過流覽本網站,表示你同意我們的 cookie 政策.

LingQ Mini Stories, 24 - Tá Ruairí ar Lorg Poist Nua — 閱讀文本

LingQ Mini Stories, 24 - Tá Ruairí ar Lorg Poist Nua

初級2 愛爾蘭蓋爾語 課程,練習閱讀

立即開始學習本課

24 - Tá Ruairí ar Lorg Poist Nua

Scéal fiche a ceathair:

Tá Ruairí ar Lorg Poist Nua.

Tá post nua á lorg ag Ruairí. Tá agallamh poist aige amárach.

Caithfidh cuma ghairmiúil a bheith air dá agallamh.

Ach tá éadaí Ruairí an-sean.

Tá sé ag smaoineamh ar chulaith nua a cheannach.

Téann Ruairí go dtí an siopa éadaí.

Féachann sé ar chulaith nua.

Ar deireadh, ceannaíonn sé culaith liath.

Ceapann Ruairí go bhfuil cuma mhaith air ina chulaith nua.

Tá sé chun a bheith réidh dá agallamh amárach.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:

Bhí post nua á lorg agam. Bhí agallamh poist agam inné.

Bhí orm cuma ghairmiúil a bheith orm don agallamh.

Ach bhí mo chuid éadaí an-sean.

Shocraigh mé culaith nua a cheannach.

Chuaigh mé go dtí an siopa éadaí.

Bhain mé triail as roinnt cultacha nua.

Ar deireadh, cheannaigh mé culaith liath.

Cheap mé go raibh cuma mhaith orm i mo chulaith nua.

Bhí mé réidh don agallamh inné.

Ceisteanna:

A haon: Tá post nua á lorg ag Ruairí. Cad atá á lorg ag Ruairí? Tá post nua á lorg aige.

A dó: Tá agallamh poist ag Ruairí amárach. Cad a bheidh ag Ruairí amárach? Tá agallamh poist aige amárach.

A trí: Tá éadaí Ruairí an-sean. An bhfuil éadaí Ruairí nua? Níl, níl éadaí Ruairí nua. Tá siad an-sean.

A ceathair: Tá Ruairí ag smaoineamh ar chulaith nua a cheannach. Cad atá Ruairí ag smaoineamh ar a cheannach? Tá Ruairí ag smaoineamh ar chulaith nua a cheannach.

A cúig: Bhain Ruairí triail as cultacha nua. Cad a rinne Ruairí? Bhain Ruairí triail as cultacha nua.

A sé: Cheannaigh Ruairí culaith liath ar deireadh. Cén dath a bhí ar an gculaith a cheannaigh Ruairí ar deireadh? Cheannaigh Ruairí culaith liath ar deireadh.

A seacht: Cheap Ruairí go raibh cuma mhaith air ina chulaith nua. Conas a mhothaigh Ruairí ina chulaith nua? Cheap Ruairí go raibh cuma mhaith air ina chulaith nua.

A hocht: Bhí Ruairí réidh dá agallamh. An raibh Ruairí réidh dá agallamh? Bhí, bhí Ruairí réidh dá agallamh.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE