×

我們使用cookies幫助改善LingQ。通過流覽本網站,表示你同意我們的 cookie 政策.

LingQ Mini Stories, 16 - Teastaíonn Post Nua ó Chian — 閱讀文本

LingQ Mini Stories, 16 - Teastaíonn Post Nua ó Chian

初級2 愛爾蘭蓋爾語 課程,練習閱讀

立即開始學習本課

16 - Teastaíonn Post Nua ó Chian

Scéal a sé déag:

Teastaíonn Post Nua ó Chian.

Mar sin, éistfimid le scéal Chiain atá ag iarraidh post nua.

Tá post nua ag teastáil ó Chian.

Ní maith leis a phost oifige.

Ceapann sé go bhfuil a phost róleadránach.

Tá post níos spreagúla ag teastáil ó Chian.

Lorgaíonn sé post nua ar líne.

Tá go leor poist i mbialanna.

Tá go leor poist sna siopaí freisin.

Ní féidir le Cian cócaireacht a dhéanamh go han-mhaith.

Ach is maith leis a bheith ag siopadóireacht agus ag caint le daoine.

Tá súil ag Cian go mbeidh sé in ann post a fháil i siopa.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil

Ba mhaith liom post nua.

Ní maith liom mo phost oifige.

Ceapaim go bhfuil mo phost róleadránach.

Ba mhaith liom post níos spreagúla.

Táim ag lorg poist nua ar líne.

Tá go leor poist i mbialanna.

Tá go leor poist sna siopaí freisin.

Ní féidir liom cócaireacht a dhéanamh go han-mhaith.

Ach is maith liom a bheith ag siopadóireacht agus ag caint le daoine.

Tá súil agam gur féidir liom post a fháil i siopa.

Ceisteanna:

A haon: Tá post nua ag teastáil ó Chian. An bhfuil post nua ag teastáil ó Chian? Tá, tá post nua ag teastáil ó Chian.

A dó: Ceapann Cian go bhfuil a phost róleadránach. An maith le Cian a phost oifige? Ní maith leis a phost oifige. Ceapann sé go bhfuil a phost róleadránach.

A trí: Tá post níos spreagúla ag teastáil ó Chian. An bhfuil post leadránach ag teastáil ó Chian? Níl, tá post níos spreagúla ag teastáil ó Chian.

A ceathair: Tá post nua á lorg ag Cian ar líne. An lorgaíonn Cian post ar líne? Lorgaíonn sé post nua ar líne.

A cúig: Tá go leor post i mbialanna. An bhfuil go leor post i mbialanna? Tá, tá go leor post i mbialanna.

A sé: Ní féidir le Cian cócaireacht a dhéanamh go han-mhaith. An féidir le Cian cócaireacht a dhéanamh go maith? Ní féidir le Cian cócaireacht a dhéanamh go han-mhaith.

A seacht: Is maith le Cian a bheith ag siopadóireacht agus ag caint le daoine. An maith le Cian a bheith ag caint le daoine? Is ea, is maith le Cian a bheith ag caint le daoine, agus ag siopadóireacht.

A hocht: Tá Cian ag iarraidh post a fháil i siopa. An bhfuil post ag teastáil ó Chian i mbialann? Níl, níl sé ag iarraidh post i mbialann. Tá sé ag iarraidh post a fháil i siopa.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE