×

Vi använder kakor för att göra LingQ bättre. Genom att besöka sajten, godkänner du vår cookie-policy.

LingQ Mini Stories, 53 - Comórtas Coraíochta – Text to read

LingQ Mini Stories, 53 - Comórtas Coraíochta

Nybörjare 2 Iriska lesson to practice reading

Börja lära dig lektionen nu

53 - Comórtas Coraíochta

Scéal Caoga a Trí: Comórtas Coraíochta.

Tá Fionnuala ar fhoireann coraíochta le timpeall cúig bliana déag. Dúirt a cóitseálaí léi inniu go bhfuil comórtas ar bun.

Tá sé ag iarraidh uirthi dul sa choraíocht i rang meáchain níos ísle.

Mar thoradh air sin, beidh ar Fhionnuala a haiste bia a athrú.

Beidh uirthi freisin tosú ag dul go dtí an t-ionad aclaíochta níos minice.

Thaitin coraíocht le Fionnuala i gcónaí.

Mar sin féin, tá sé tar éis éirí níos deacra mar tá sí ag dul in aois.

Níl an oiread ama aici agus a bhíodh aici.

Agus ní chailleann sí meáchan chomh héasca agus a chailleadh.

Mar sin féin, gheobhaidh Fionnuala bealach chun dul sa choraíocht.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:

Tá Fionnuala agus a cara ar fhoireann coraíochta le timpeall cúig bliana déag. Dúirt a gcóitseálaí leo inniu go bhfuil comórtas ar bun.

Tá sé ag iarraidh orthu dul sa choraíocht i rang meáchain níos ísle.

Mar thoradh air sin, beidh ar Fhionnuala agus a cara a n-aiste bia a athrú.

Beidh orthu freisin tosú ag dul go dtí an t-ionad aclaíochta níos mó.

Thaitin coraíocht leis na cailíní i gcónaí.

Mar sin féin, tá sé tar éis éirí níos deacra mar tá siad tar éis éirí níos sine.

Níl an oiread sin ama acu agus a bhíodh.

Agus ní chailleann siad meáchan chomh héasca agus a chailleadh.

Mar sin féin, gheobhaidh Fionnuala agus a cara bealach le dul sa choraíocht.

Ceisteanna:

A haon: Tá Fionnuala ar fhoireann coraíochta le timpeall cúig bliana déag. Cé chomh fada is atá Fionnuala ar fhoireann coraíochta? Tá Fionnuala ar fhoireann coraíochta le timpeall cúig bliana déag.

A dó: Inniu, dúirt a cóitseálaí léi go bhfuil comórtas ar bun. Cathain a bheidh comórtas ann? Tá comórtas ag teacht go luath.

A trí: Tá sé ag iarraidh uirthi dul sa choraíocht i rang meáchain níos ísle. Conas atá sé ag iarraidh uirthi dul sa choraíocht? Tá sé ag iarraidh uirthi dul sa choraíocht i rang meáchain níos ísle.

A ceathair: Mar thoradh air sin, beidh ar Fhionnuala a haiste bia a athrú. Cad a chaithfidh Fionnuala a dhéanamh dá bharr? Beidh uirthi a haiste bia a athrú.

A cúig: Thaitin coraíocht leis na cailíní i gcónaí. An raibh dúil ag na cailíní i gcónaí ag coraíocht? Bhí, thaitin coraíocht leis na cailíní i gcónaí.

A sé: Tá sé éirithe níos deacra mar tá siad tar éis éirí níos sine. Cén uair a thosaigh sé a bheith níos deacra?Tá sé tar éis éirí níos deacra mar tá siad tar éis dul in aois.

A seacht: Ní bhíonn an oiread ama acu agus a bhíodh. An mbíonn níos mó ama acu? Ní bhíonn, ní bhíonn an oiread sin ama acu agus a bhíodh.

A hocht: Mar sin féin, gheobhaidh Fionnuala agus a cara bealach le dul sa choraíocht. An bhfaighidh Fionnuala agus a cara bealach le dul sa choraíocht? Gheobhaidh, mar sin féin, gheobhaidh Fionnuala agus a cara bealach le dul sa choraíocht.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE