8 - Téann Bairbre ag siopadóireacht le haghaidh bróg
Scéal a hocht:
Téann Bairbre ag siopadóireacht le haghaidh bróg.
Teastaíonn ó Bhairbre bróga nua a cheannach.
Téann sí go dtí siopa bróg.
Tá go leor bróga deasa ansin.
Triaileann Bairbre péire bróg gorm uirthi.
Tá na bróga gorma rótheann.
Triaileann sí péire bróg dubh uirthi.
Tá na bróga seo an-chompordach.
Fiafraíonn Bairbre cé mhéad a chosnaíonn na bróga dubha.
Cosnaíonn na bróga dubha ceithre chéad is caoga euro.
Cuireann Bairbre na bróga síos go brónach agus imíonn sí.
Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:
Ba mhaith liom bróga nua a cheannach.
Téim go dtí siopa bróg.
Tá go leor bróga deasa ansin.
Triailim péire bróg gorm orm.
Tá na bróga gorma rótheann.
Triailim péire bróg dubh orm.
Tá na bróga seo an-chompordach.
Fiafraím cé mhéad a chosnaíonn na bróga dubha.
Cosnaíonn na bróga dubha ceithre chéad is caoga euro.
Chuir mé na bróga síos go brónach agus d'imigh mé.
Ceisteanna:
A haon: Teastaíonn ó Bhairbre bróga nua a cheannach. An bhfuil Bairbre ag iarraidh bróga nua a cheannach? Tá, ba mhaith le Bairbre bróga nua a cheannach.
A dó: Tá go leor bróga deasa sa siopa bróg. An bhfuil go leor bróga sa siopa bróg? Tá, tá go leor bróga sa siopa bróg
A trí: Triaileann Bairbre uirthi péire bróg gorm agus dubh. An dtriaileann Bairbre uirthi dhá phéire bróg? Triaileann Bairbre uirthi dhá phéire bróg. Triaileann sí péire gorm agus péire dubh uirthi.
A ceathair: Ar dtús, triaileann Bairbre péire bróg gorm uirthi. An dtriaileann Bairbre péire bróg dearg uirthi ar dtús? Ní thriaileann Bairbre péire bróg dearg uirthi. Triaileann sí péire bróg gorm uirthi.
A cúig: Tá na bróga gorma rótheann. An bhfuil na bróga gorma compordach? Níl, níl na bróga gorma compordach. Tá siad rótheann.
A sé: Tá na bróga dubha an-chompordach. An bhfuil na bróga dubha compordach? Tá na bróga dubha an-chompordach.
A seacht: Tá na bróga dubha ceithre chéad agus caoga euro. An bhfuil na bróga dubha daor? Tá, tá na bróga dubha daor. Tá siad ceithre chéad agus caoga euro.
A hocht: Cuireann Bairbre síos na bróga agus fágann sí an siopa. An gceannaíonn Bairbre na bróga? Ní cheannaíonn Bairbre na bróga. Cuireann sí síos iad agus fágann sí an siopa.