×

We use cookies to help make LingQ better. By visiting the site, you agree to our cookie policy.

LingQ Mini Stories, 7 - Oibríonn Séamas in Oifig – Text to read

LingQ Mini Stories, 7 - Oibríonn Séamas in Oifig

Beginner 2 Irish Gaelic lesson to practice reading

Start learning this lesson now

7 - Oibríonn Séamas in Oifig

Scéal a seacht: Oibríonn Séamas in Oifig.

Oibríonn Séamas in oifig.

Bíonn sé an-ghnóthach gach lá.

Bíonn go leor cruinnithe aige lena chustaiméirí.

Ní maith le Séamas na cruinnithe seo.

Ceapann sé go mbíonn siad an-leadránach.

Tá roinnt custaiméirí cairdiúla ag Séamas.

Tá roinnt custaiméirí nach bhfuil go deas, áfach.

Tógann Séamas sosanna fada lóin.

Is féidir leis dul abhaile ar a cúig.

Fanann sé gach lá go dtí a cúig a chlog.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:

Oibrím in oifig.

Bím an-ghnóthach gach lá.

Bíonn go leor cruinnithe agam le mo chustaiméirí.

Ní maith liom na cruinnithe seo.

Ceapaim go mbíonn siad an-leadránach.

Tá roinnt custaiméirí cairdiúla agam.

Tá roinnt custaiméirí nach bhfuil go deas, áfach.

Tógaim sosanna fada lóin.

Is féidir liom dul abhaile ag a cúig.

Fanaim gach lá go dtí a cúig a chlog.

Ceisteanna:

A haon: Oibríonn Séamas in oifig. An oibríonn Séamas i scoil? Ní oibríonn, oibríonn Séamus in oifig.

A dó: Bíonn Séamas an-ghnóthach gach lá. An mbíonn Séamas an-ghnóthach? Bíonn, bíonn Séamas an-ghnóthach gach lá.

A trí: Bíonn go leor cruinnithe ag Séamas lena chustaiméirí. An mbíonn cúpla cruinniú ag Séamas? Ní bhíonn, bíonn go leor cruinnithe ag Séamas lena chustaiméirí.

A ceathair: Ceapann Séamas go mbíonn na cruinnithe leadránach. An gceapann Séamas go mbíonn na cruinnithe leadránach? Ceapann Séamas go mbíonn na cruinnithe leadránach.

A cúig: Tá roinnt de na custaiméirí cairdiúil. An bhfuil na custaiméirí go léir cairdiúil? Níl, tá roinnt de na custaiméirí cairdiúil.

A sé: Tógann Séamas sosanna fada lóin. An dtógann Séamas sosanna lóin gearra? Ní thógann sé sosanna gearra. Tógann sé sosanna fada lóin.

A seacht: Is féidir le Séamas dul abhaile ag a cúig. An féidir le Séamas dul abhaile ag a ceathair? Ní féidir, is féidir leis dul abhaile ag a cúig.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE