×

We use cookies to help make LingQ better. By visiting the site, you agree to our cookie policy.

LingQ Mini Stories, 56 - Déanann Mairéad Cinneadh Gnó – Text to read

LingQ Mini Stories, 56 - Déanann Mairéad Cinneadh Gnó

Beginner 2 Irish Gaelic lesson to practice reading

Start learning this lesson now

56 - Déanann Mairéad Cinneadh Gnó

Scéal Caoga a sé: Déanann Mairéad Cinneadh Gnó

Is bainisteoir margaíochta í Mairéad ar chomhlacht déantúsaíochta. Tá sí lán cinnte gurb é anois an t-am is fearr dá comhlacht a leathnú thar lear ós rud é go bhfuil an t-éileamh ar tháirgí a comhlachta i margaí eachtracha ag méadú.

Ní hamháin go bhfuil onnmhairí ag fás, ach tá soláthraithe páirteanna den scoth i dtíortha iasachta áirithe. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh leathnú thar lear sciar den mhargadh a mhéadú agus costais a laghdú ag an am céanna.

Teastóidh pleanáil chúramach le haon aistriú thar lear. Ós rud é go bhfuil na coinníollacha i ngach tír iasachta difriúil, is cinnte go mbeidh uirthi daoine a bhfuil saineolas áitiúil acu a aimsiú chun cabhrú léi.

Thug Mairéad cuairt ar an gcuid is mó de na margaí tábhachtacha thar lear. Níl sí ag iarraidh bogadh mícheart a dhéanamh agus mar sin socraíonn sí comhairle a iarraidh ar a custaiméirí reatha thar lear.

Tógfaidh sé tamall uirthi an taighde riachtanach a dhéanamh chun a chinntiú go gcuirfear an plean leathnaithe nua i gcrích go rathúil.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:

Bhí mé mar bhainisteoir margaíochta ag comhlacht déantúsaíochta, cúpla bliain ó shin. Bhí mé cinnte go raibh sé in am dár gcomhlacht leathnú thar lear ós rud é go raibh an t-éileamh ar tháirgí ár gcomhlachta ag méadú i margaí eachtracha.

Ní hamháin go raibh onnmhairí ag fás, ach bhí soláthraithe páirteanna den scoth i dtíortha iasachta áirithe. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh leathnú thar lear sciar den mhargadh a mhéadú agus costais a laghdú ag an am céanna.

Bheadh pleanáil chúramach ag teastáil ó aon aistriú thar lear. Ós rud é go raibh na coinníollacha i ngach tír iasachta difriúil, bhí a fhios agam go mbeadh orm teacht ar dhaoine le saineolas áitiúil chun cabhrú liom.

Thug mé cuairt ar an gcuid is mó de na margaí tábhachtacha thar lear. Ní raibh fonn orm bogadh mícheart a dhéanamh agus mar sin chinn mé comhairle a iarraidh ar mo chustaiméirí thar lear a bhí ann cheana.

Bhí tamall i gceist orm an taighde riachtanach a dhéanamh chun cinntiú go gcuirfí an plean leathnaithe nua i gcrích go rathúil.

Ceisteanna:

A haon: Is bainisteoir margaíochta í Mairéad do chomhlacht déantúsaíochta. Cad é post Mhairéad? Is bainisteoir margaíochta do chomhlacht déantúsaíochta é post Mhairéad.

A dó: Tá sí lán cinnte gurb é anois an t-am is fearr dá cuideachta leathnú thar lear. Cad a bhfuil Mairéad cinnte de? Tá sí cinnte gurb é anois an t-am is fearr dá cuideachta leathnú thar lear.

A trí: Tá soláthraithe páirteanna den scoth i dtíortha iasachta áirithe. Cá bhfuil soláthraithe páirteanna den scoth? Tá soláthraithe páirteanna den scoth i dtíortha iasachta áirithe.

A ceathair: D'fhéadfadh leathnú thar lear sciar den mhargadh a mhéadú agus costais a laghdú ag an am céanna. Cad a dhéanfadh leathnú thar lear? D'fhéadfaí sciar den mhargadh a mhéadú agus costais a laghdú ag an am céanna de bharr leathnú thar lear.

A cúig: Bhí a fhios agam go mbeadh orm teacht ar dhaoine le saineolas áitiúil chun cabhrú liom. Cé a raibh a fhios agam go mbeadh orm teacht orthu chun cabhrú liom? Bhí a fhios agat go mbeadh ort teacht ar dhaoine le saineolas áitiúil chun cabhrú leat.

A sé: Bhí cuairt tugtha agam ar an gcuid is mó de na margaí tábhachtacha thar lear. An raibh cuairt tugtha agam ar na margaí tábhachtacha thar lear ar fad ? Ní raibh, thug mé cuairt ar an gcuid is mó de na margaí thar lear.

A seacht: Chinn mé comhairle a iarraidh ar mo chustaiméirí reatha thar lear. Cad a d'iarr mé ar mo chustaiméirí reatha thar lear? D'iarr tú comhairle orthu.

A hocht: Bhí tamall i gceist orm an taighde riachtanach a dhéanamh. An raibh am beag gairid i gceist orm an taighde riachtanach a dhéanamh? Ní raibh, bhí tamall i gceist ort an taighde a dhéanamh.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE