×

We use cookies to help make LingQ better. By visiting the site, you agree to our cookie policy.

LingQ Mini Stories, 55 - Tá Saile agus Seoirse ag iarraidh … – Text to read

LingQ Mini Stories, 55 - Tá Saile agus Seoirse ag iarraidh Teach Nua a Cheannach

Beginner 2 Irish Gaelic lesson to practice reading

Start learning this lesson now

55 - Tá Saile agus Seoirse ag iarraidh Teach Nua a Cheannach

Scéal Caoga a Cúig: Tá Saile agus Seoirse ag iarraidh Teach Nua a Cheannach

Ba mhaith le Saile agus le Seoirse teach nua a cheannach mar tá a mbeirt linbh ag dul in aois.

Ar an drochuair, tá sé éirithe deacair teach nua a cheannach mar tá costas na tithíochta tar éis ardú níos tapúla ná ioncam daoine.

D'fhonn a bheith in ann teach nua a cheannach, tá siad ag sábháil airgid le blianta fada.

Más mian leo teach aon teaghlach a cheannach, bheadh orthu cónaí i bhfad ón gcathair.

Chiallódh sé seo go mbeadh comaitéireacht fhada chuig a gcuid post don bheirt acu.

Bhreathnaigh siad ar árasáin ach bhí siad seo róbheag nó i gcomharsanachtaí nár thaitin leo.

Tuigeann siad, cé go n-oibríonn an bheirt acu go crua agus nach gcaitheann siad airgead go míthuisceanach, nach bhfuil siad in ann an teach a theastaíonn uathu a íoc.

Shíl siad, ag pointe amháin, ar theach a fháil ar cíos, ach bhraith siad i ndáiríre go raibh siad ag iarraidh a dteach féin a shealbhú.

Ar deireadh, shocraigh siad bogadh go baile níos lú.

Mhothaigh siad go bhféadfaidís saol níos simplí a chaitheamh ann agus saol teaghlaigh níos fearr a bheith acu.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:

Bhí fonn orainn teach nua a cheannach mar bhí ár mbeirt linbh tar éis éirí níos sine.

Ar an drochuair, bhí sé éirithe deacair teach nua a cheannach toisc go raibh costas na tithíochta tar éis ardú níos tapúla ná ár n-ioncam.

Chun a bheith in ann teach nua a cheannach, bhí airgead á shábháil againn le blianta anuas.

Dá mba mhian linn teach aon teaghlach a cheannach bheadh orainn cónaí i bhfad ón gcathair.

Chiallódh sé seo comaitéireacht fhada chuig ár bpoist don bheirt againn.

D'fhéachamar ar árasáin ach bhí siad seo róbheag nó i gcomharsanachtaí nár thaitin linn.

Thuigeamar, cé gur oibrigh an bheirt againn go crua agus nár chaitheamar airgead go míchruinn, nach rabhamar in ann an teach a theastaigh uainn a íoc.

Cheapamar, ag pointe amháin, teach a fháil ar cíos, ach bhraitheamar i ndáiríre gurbh fhearr linn ár dteach féin a bheith againn.

Ar deireadh, shocraigh muid bogadh go baile níos lú.

Mhothaíomar go bhféadfaimis saol níos simplí a chaitheamh ann agus taitneamh a bhaint as saol teaghlaigh níos fearr.

Ceisteanna:

A haon: Tá Saile agus Seoirse ag iarraidh teach nua a cheannach mar tá a mbeirt linbh ag dul in aois. Cén fáth a bhfuil Saile agus Seoirse ag iarraidh teach nua a cheannach? Tá siad ag iarraidh teach nua a cheannach mar tá a gcuid leanaí ag dul in aois.

A dó: Tá siad ag sábháil airgid le blianta fada. Cá fhad atá Saile agus Seoirse ag sábháil airgid? Tá siad ag sábháil airgid le blianta fada.

A trí: Más mian leo teach aon teaghlach a cheannach, bheadh orthu cónaí i bhfad ón gcathair. Cad a tharlódh dá gceannóidís teach aon teaghlach? Bheadh orthu cónaí i bhfad ón gcathair.

A ceathair: D'fhéach siad ar árasáin ach bhí siad seo róbheag nó i gcomharsanachtaí nár thaitin leo. Cén fáth nach dtaitníonn na hárasáin a d'fhéach siad orthu? Ní maith leo na hárasáin ar bhreathnaigh siad orthu mar go raibh siad róbheag nó i gcomharsanachtaí nár thaitin leo.

A cúig: Bhí fonn orainn teach nua a cheannach mar bhí ár mbeirt linbh tar éis éirí níos sine. Cad a bhí uainn a dhéanamh? Bhí fonn oraibh teach nua a cheannach mar bhí bhur mbeirt linbh tar éis dul in aois.

A sé: Cheapamar, ag pointe amháin, teach a fháil ar cíos. Cad a smaoiníamar air ag pointe amháin? Bhí smaoineamh agaibh, ag pointe amháin, ar theach a fháil ar cíos.

A seacht: Mhothaíomar i ndáiríre gurbh fhearr linn ár dteach féin a bheith againn. Cad a bhraitheamar ab fhearr a bheith againn? Mhothaigh sibh gurbh fhearr leat bhur dteach féin a bheith agaibh.

A hocht: Ar deireadh bheartaíomar bogadh go baile níos lú. Cad a rinneamar cinneadh ar deireadh? Chinn sibh ar deireadh bogadh go baile níos lú.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE