×

We use cookies to help make LingQ better. By visiting the site, you agree to our cookie policy.

LingQ Mini Stories, 3 - Faigheann Caitlín cat – Text to read

LingQ Mini Stories, 3 - Faigheann Caitlín cat

Beginner 2 Irish Gaelic lesson to practice reading

Start learning this lesson now

3 - Faigheann Caitlín cat

Scéal a trí:

Faigheann Caitlín cat.

Tá Caitlín dubh dóite ag a hobair agus ag a baile.

Déanann sí an rud céanna gach lá.

Tá caitheamh aimsire nua ag teastáil uaithi.

Ar dtús, déanann sí iarracht cócaireacht.

Ach níl blas maith ar a bia.

Ansin, déanann sí iarracht snámh.

Ach tá eagla uirthi roimh uisce.

Siúlann Caitlín abhaile agus feiceann sí siopa peataí.

Sa siopa peataí, feiceann sí cat!

Ceannaíonn Caitlín an cat, agus tá sí an-sásta anois.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:

Tá mé dubh dóite ag m'obair agus ag mo bhaile.

Déanaim an rud céanna gach lá.

Ba mhaith liom caitheamh aimsire nua.

Ar dtús, déanaim iarracht cócaireacht.

Ach níl blas maith ar mo bhia.

Ansin, déanaim iarracht snámh.

Ach tá eagla orm roimh uisce.

Siúlaim abhaile agus feicim siopa peataí.

Sa siopa peataí, feicim cat!

Ceannaím an cat, agus táim an-sásta anois.

Ceisteanna:

A haon: Tá Caitlín dubh dóite ag a hobair agus ag a baile. An bhfuil Caitlín sásta ag a hobair? Níl, níl Caitlín sásta leis a hobair. Tá sí dubh dóite ag a hobair agus ag a baile.

A dó: Déanann Caitlín an rud céanna gach lá. An ndéanann Caitlín go leor rudaí nua? Ní dhéanann, déanann Caitlín an rud céanna gach lá.

A trí: Teastaíonn caitheamh aimsire nua ó Chaitlín. An bhfuil caitheamh aimsire nua ag teastáil ó Chaitlín? Tá, tá caitheamh aimsire nua ag teastáil ó Chaitlín.

A ceathair: Ní bhíonn blas maith ar bhia Chaitlín. An cócaire maith í Caitlín? Ní cócaire maith í Caitlín. Ní bhíonn blas maith ar a bia.

A cúig:Tá eagla ag Caitlín roimh uisce. An maith le Caitlín a bheith ag snámh? Ní maith le Caitlín a bheith ag snámh. Tá eagla aici roimh uisce.

A sé: Feiceann Caitlín cat i siopa peataí. An bhfeiceann Caitlín cat i siopa? Feiceann sí cat i siopa peataí.

A seacht: Ceannaíonn Caitlín an cat sa siopa peataí. An gceannaíonn Caitlín an cat? Ceannaíonn Caitlín an cat ón siopa peataí.

A hocht: Tá Caitlín an-sásta anois mar tá cat aici. An bhfuil Caitlín dubh dóite anois? Níl, níl Caitlín dubh dóite. Tá sí an-sásta anois mar tá cat aici.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE