×

We use cookies to help make LingQ better. By visiting the site, you agree to our cookie policy.

LingQ Mini Stories, 28 - Tabharfaidh Bláithín Cuairt ar Thí… – Text to read

LingQ Mini Stories, 28 - Tabharfaidh Bláithín Cuairt ar Thír Nua

Beginner 2 Irish Gaelic lesson to practice reading

Start learning this lesson now

28 - Tabharfaidh Bláithín Cuairt ar Thír Nua

Scéal fiche a hocht: Tabharfaidh Bláithín Cuairt ar Thír Nua

Tabharfaidh Bláithín cuairt ar thír nua. Caithfidh sí a turas timpeall na tíre nua a phleanáil.

Teastaíonn uaithi taisteal timpeall na tíre ar an traein.

Ar an gcéad dul síos, beidh sí ag dul go dtí cathair mhór.

Ansin, tabharfaidh sí cuairt ar roinnt áiteanna cáiliúla sa chathair.

Tar éis sin, taistealóidh sí timpeall na tíre i gcarr.

Tógfaidh sí go leor pictiúr.

Ba mhaith léi a pictiúir a thaispeáint dá cairde.

Tar éis a turais, postálfaidh sí gach pictiúr dá cuid ar líne.

Tá súil aici go mbeidh an nasc idirlín go maith.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:

Bhí mé ar cuairt chuig tír nua. Bhí orm turas a phleanáil timpeall na tíre nua.

Bhí mé ag iarraidh taisteal timpeall na tíre ar an traein.

Ar dtús, bhí mé chun dul go dtí cathair mhór.

Ansin, bhí mé chun cuairt a thabhairt ar roinnt áiteanna cáiliúla sa chathair.

Tar éis sin, bhí mé chun taisteal timpeall na tíre i gcarr.

Bhí mé chun go leor pictiúr a thógáil.

Bhí mé ag iarraidh mo chuid pictiúr a thaispeáint do mo chairde.

Tar éis mo thurais, bhí mé chun gach ceann de mo chuid pictiúr a thaispeáint ar líne.

Bhí súil agam go mbeadh an nasc idirlín go maith.

Ceisteanna:

A haon: Tabharfaidh Bláithín cuairt ar thír nua. Cad a dhéanfaidh Bláithín? Tabharfaidh sí cuairt ar thír nua.

A dó: Caithfidh Bláithín a turas timpeall na tíre a phleanáil. Cad a chaithfidh Bláithín a dhéanamh? Caithfidh sí a turas timpeall na tíre a phleanáil.

A trí: Ba mhaith le Bláithín taisteal timpeall na tíre ar an traein. Conas atá Bláithín ag iarraidh taisteal? Teastaíonn uaithi taisteal timpeall na tíre ar an traein.

A ceathair: Rachaidh Bláithín go cathair mhór ar dtús. Cá rachaidh sí ar dtús? Rachaidh sí go cathair mhór ar dtús.

A cúig: Tabharfaidh Bláithín cuairt ar roinnt áiteanna cáiliúla sa chathair. Cad a dhéanfaidh sí sa chathair? Tabharfaidh sí cuairt ar roinnt áiteanna cáiliúla sa chathair.

A sé: Bhí sí chun dul go dtí an tír i gcarr. Conas a bhí sí chun dul go dtí an tír? Bhí sí chun dul go dtí an tír i gcarr.

A seacht: Bhí sí chun go leor pictiúr a thógáil ansin. Cé mhéad pictiúr a bhí le tógáil ann? Bhí sí chun go leor pictiúir a thógáil ansin.

A hocht: Bhí sí ag iarraidh a pictiúir a thaispeáint dá cairde. Cé dó a raibh sí ag iarraidh a cuid pictiúr a thaispeáint? Bhí sí ag iarraidh a pictiúir a thaispeáint dá cairde.

A naoi: Bhí sí chun gach pictiúr dá cuid a thaispeáint ar líne tar éis a turais. Cathain a bhí sí chun a cuid pictiúr a thaispeáint ar líne? Bhí sí chun gach pictiúr dá cuid a thaispeáint ar líne tar éis a turais.

A deich: Bhí súil aici go mbeadh an nasc idirlín go maith. Cad a bhí sí ag súil leis? Bhí súil aici go mbeadh an nasc idirlín go maith.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE