×

We use cookies to help make LingQ better. By visiting the site, you agree to our cookie policy.

LingQ Mini Stories, 25 - Beidh Leanbh Nua ag Bean chéile Ró… – Text to read

LingQ Mini Stories, 25 - Beidh Leanbh Nua ag Bean chéile Rónáin

Beginner 2 Irish Gaelic lesson to practice reading

Start learning this lesson now

25 - Beidh Leanbh Nua ag Bean chéile Rónáin

Scéal fiche a cúig:

Beidh Leanbh Nua ag Bean chéile Rónáin.

Beidh leanbh nua ag bean chéile Rónáin. Tá mac amháin agus iníon amháin ag Rónán agus ag a bhean chéile.

Tá siad an-tógtha le leanbh eile a bheith acu.

Buachaill a bheidh sa leanbh nua.

Ach níl a fhios acu cén t-ainm a chur ar an leanbh.

Socraíonn siad fiafraí ar a dtuismitheoirí.

Tugann a dtuismitheoirí roinnt smaointe dóibh.

Tá roinnt smaointe níos fearr ná cuid eile.

Tabharfaidh Rónán agus a bhean chéile Tiarnán ar an leanbh.

Tá súil acu go mbeidh an leanbh sásta leis an ainm seo.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:

Bhí leanbh ag mo bhean chéile. Tá mac amháin agus iníon amháin ag mo bhean chéile agus mé féin.

Bhíomar an-tógtha le leanbh eile a bheith againn.

Ba bhuachaill an leanbh nua.

Ach ní raibh a fhios againn cén t-ainm a chur ar an leanbh.

Shocraigh muid ceist a chur ar ár dtuismitheoirí.

Thug ár dtuismitheoirí roinnt smaointe dúinn.

Bhí roinnt smaointe níos fearr ná cuid eile.

Thug mo bhean chéile agus mé an t-ainm Tiarnán ar an leanbh.

Bhí súil againn go mbeadh an leanbh sásta lena ainm.

Ceisteanna:

A haon: Beidh leanbh ag bean chéile Rónáin. Cad a bheidh ag bean chéile Rónáin? Beidh leanbh ag bean chéile Rónáin.

A dó: Tá beirt leanbh ag Rónán agus a bhean chéile, mac amháin agus iníon amháin. Cé mhéad leanbh atá ag Rónán agus a bhean chéile? Tá beirt leanbh acu, mac amháin agus iníon amháin.

A trí: Tá siad an-tógtha le leanbh eile a bheith acu. Conas a mhothaíonn siad faoi leanbh eile a bheith acu? Tá siad an-tógtha le leanbh eile a bheith acu.

A ceathair: Beidh an leanbh nua ina bhuachaill. An cailín a bheidh sa leanbh nua? Ní hea, ní cailín a bheidh sa leanbh nua. Buachaill a bheidh sa leanbh nua.

A cúig: Níl a fhios acu cén t-ainm a chur ar an leanbh. An bhfuil a fhios acu cén t-ainm a chur ar an leanbh? Níl, níl a fhios acu cén t-ainm a chur ar an leanbh.

A sé: Socraíonn siad fiafraí dá dtuismitheoirí faoi ainmneacha a linbh. Cad a shocraíonn siad a dhéanamh? Socraíonn siad fiafraí dá dtuismitheoirí faoi ainmneacha a linbh.

A seacht: Tugann a dtuismitheoirí roinnt smaointe dóibh. Cad a dhéanann a dtuismitheoirí? Tugann a dtuismitheoirí roinnt smaointe dóibh.

A hocht: Bhí roinnt smaointe níos fearr ná smaointe eile. An raibh na smaointe go léir go maith? Ní raibh, ní raibh na smaointe go léir go maith. Bhí roinnt smaointe níos fearr ná smaointe eile.

A naoi: Thug Rónán agus a bhean chéile Tiarnán ar an leanbh. Cad a thug Rónán agus a bhean ar an leanbh? Thug siad Tiarnán ar an leanbh.

A deich: Bhí súil ag Rónán agus a bhean go mbeadh an leanbh sásta lena ainm. Cad a bhí le súil ag Rónán agus a bhean chéile? Bhí súil acu go mbeadh an leanbh sásta lena ainm.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE