×

We use cookies to help make LingQ better. By visiting the site, you agree to our cookie policy.

LingQ Mini Stories, 22 - Níor Mhothaigh Gráinne go han-mhai… – Text to read

LingQ Mini Stories, 22 - Níor Mhothaigh Gráinne go han-mhaith

Beginner 2 Irish Gaelic lesson to practice reading

Start learning this lesson now

22 - Níor Mhothaigh Gráinne go han-mhaith

Scéal fiche a dó:

Níor Mhothaigh Gráinne go han-mhaith.

Níl Gráinne ag mothú go maith.

Tá tinneas cinn agus scornach nimhneach uirthi.

Tá sí ag sraothartach go leor freisin.

Socraíonn sí dul chuig an dochtúir.

Insíonn sí don dochtúir conas a mhothaíonn sí.

Insíonn an dochtúir do Ghráinne go bhfuil slaghdán uirthi.

Iarrann Gráinne cógas éigin ar an dochtúir.

Deir an dochtúir nach dteastaíonn cógas ó Ghráinne le haghaidh slaghdáin.

Insíonn an dochtúir do Ghráinne codladh agus uisce a ól ina ionad.

Ní mhothaíonn Gráinne níos fearr nuair a fhágann sí an dochtúir.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:

Níor mhothaigh mé go han-mhaith. Bhí tinneas cinn agus scornach nimhneach orm.

Bhí mé ag sraothartach go leor freisin.

Chinn mé dul chuig an dochtúir.

Dúirt mé leis an dochtúir conas a mhothaigh mé.

Dúirt an dochtúir liom go raibh slaghdán orm.

D'iarr mé cógas éigin ar an dochtúir.

Dúirt an dochtúir nach raibh cógas ag teastáil uaim le haghaidh slaghdáin.

Dúirt an dochtúir liom codladh agus uisce a ól ina ionad.

Níor mhothaigh mé níos fearr nuair a d'fhág mé an dochtúir.

Ceisteanna:

A haon: Níl Gráinne ag mothú go maith. An bhfuil Gráinne ag mothú go maith? Níl, níl sí ag mothú go maith.

A dó: Tá tinneas cinn ar Ghráinne agus scornach nimhneach. Cad atá aici? Tá tinneas cinn agus sceadamán nimhneach uirthi.

A trí: Tá Gráinne ag sraothartach go leor. Cad atá á dhéanamh ag Gráinne? Tá sí ag sraothartach go leor.

A ceathair: Socraíonn Gráinne dul chuig an dochtúir. Cad a shocraíonn Gráinne a dhéanamh? Socraíonn sí dul chuig an dochtúir.

A cúig: Insíonn Gráinne don dochtúir conas a mhothaíonn sí. Cad a insíonn sí don dochtúir? Insíonn sí don dochtúir conas a mhothaíonn sí.

A sé: Dúirt an dochtúir le Gráinne go bhfuil slaghdán uirthi. Cad a d'inis an dochtúir do Ghráinne? Dúirt an dochtúir léi go bhfuil slaghdán uirthi.

A seacht: Dúirt an dochtúir nach raibh cógas ag teastáil ó Ghráinne le haghaidh slaghdáin. An ndúirt an dochtúir go bhfuil cógas ag teastáil ó Ghráinne? Ní dúirt, dúirt an dochtúir nach raibh cógas ag teastáil ó Ghráinne le haghaidh slaghdáin.

A hocht: Dúirt an dochtúir le Gráinne codladh agus uisce a ól ina ionad. Cad a dúirt an dochtúir le Gráinne a dhéanamh ina ionad sin? Dúirt an dochtúir le Gráinne codladh agus uisce a ól ina ionad.

A naoi: Níor mhothaigh Gráinne níos fearr nuair a d'fhág sí an dochtúir. Ar mhothaigh Gráinne níos fearr nuair a d'fhág sí an dochtúir? Níor mhothaigh Gráinne níos fearr nuair a d'fhág sí an dochtúir.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE