×

We use cookies to help make LingQ better. By visiting the site, you agree to our cookie policy.

LingQ Mini Stories, 1c - Is Cócaire é Mícheál, Ceisteanna – Text to read

LingQ Mini Stories, 1c - Is Cócaire é Mícheál, Ceisteanna

Beginner 2 Irish Gaelic lesson to practice reading

Start learning this lesson now

1c - Is Cócaire é Mícheál, Ceisteanna

Ceisteanna:

A haon: Dúisíonn Mícheál ag a sé gach maidin. An ndúisíonn Mícheál go luath? Dúisíonn Mícheál ag a sé a chlog gach maidin.

A dó: Ólann Mícheál caife. An ólann Mícheál tae? Ní ólann Mícheál tae, ólann sé cupán caife.

A trí: Tiomáineann Mícheál a charr go dtí a áit oibre. An dtiomáineann Mícheál a charr go dtí a áit oibre? Tiomáineann Mícheál a charr go dtí a áit oibre.

A ceathair: Tosaíonn Mícheál ag obair ag leathuair tar éis a seacht. An dtosaíonn Mícheál ag obair ag a seacht a chlog? Ní thosaíonn Mícheál ag obair ag a seacht a chlog. Tosaíonn sé ag leathuair tar éis a seacht.

A cúig: Is cócaire é Mícheál i mbialann. An cócaire é Mícheál? Is ea, is cócaire é Mícheál i mbialann.

A sé: Tagann na custaiméirí ó go leor tíortha éagsúla. An as tír amháin iad na custaiméirí? Ní hea, ní as tír amháin iad na custaiméirí. Is as go leor tíortha éagsúla iad.

A seacht: Bíonn na custaiméirí cairdiúil. An mbíonn na custaiméirí cairdiúil? Bíonn, bíonn na custaiméirí cairdiúil.

A hocht: Bíonn áthas ar Mhícheál nuair a labhraíonn sé leis na custaiméirí. An mbíonn áthas ar Mhícheál nuair a labhraíonn sé leis na custaiméirí? Bíonn, bíonn áthas ar Mhícheál nuair a labhraíonn sé leis na custaiméirí.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE