×

We use cookies to help make LingQ better. By visiting the site, you agree to our cookie policy.

LingQ Mini Stories, 19 - Tógann Ciarán Sos ar Scoil – Text to read

LingQ Mini Stories, 19 - Tógann Ciarán Sos ar Scoil

Beginner 2 Irish Gaelic lesson to practice reading

Start learning this lesson now

19 - Tógann Ciarán Sos ar Scoil

Scéal a naoi déag:

Tógann Ciarán Sos ar Scoil.

Tá Ciarán ag tógáil sosa ar scoil.

Tá sé a dó dhéag a chlog agus tá sé in am don lón.

Ní bhíonn lón ag Ciarán ón mbaile.

Caithfidh sé a lón a cheannach ar scoil.

Téann sé go dtí an caifitéire.

Feiceann sé sceallóga agus sailéad.

Bíonn a Mhamaí ag iarraidh air an sailéad a ithe.

Ach ba mhaith le Ciarán sceallóga a ithe.

Smaoiníonn sé ar feadh nóiméid.

Ansin, ceannaíonn agus itheann sé sceallóga na Fraince.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil

Táim ag glacadh sosa ar scoil.

Tá sé 12:00 agus tá sé in am don lón.

Ní bhíonn lón agam as baile.

Caithfidh mé lón a cheannach ar scoil.

Téim go dtí an caifitéire.

Feicim sceallóga agus sailéad.

Bíonn mo Mhamaí ag iarraidh orm an sailéad a ithe.

Ach ba mhaith liom sceallóga a ithe.

Smaoiním air ar feadh nóiméid.

Ansin, ceannaím agus ithim na sceallóga.

Ceisteanna:

A haon: Tá Ciarán ag tógáil sosa ar scoil. An bhfuil Ciarán ag obair ar scoil? Níl, níl sé ag obair. Tá sé ag tógáil sosa ar scoil.

A dó: Tá sé 12:00 agus tá sé in am don lón. An am lóin é? Is ea, am lóin atá ann. Tá sé 12:00.

A trí: Níl lón ag Ciarán. An bhfuil lón ag Ciarán? Níl, níl lón ag Ciarán.

A ceathair: Téann Ciarán go dtí an caifitéire. An dtéann Ciarán chuig bialann? Ní théann, téann Ciarán go dtí an caifitéire.

A cúig: Feiceann Ciarán sailéad agus sceallóga sa chaifitéire. An bhfeiceann Ciarán sailéad? Feiceann, feiceann Ciarán sailéad agus sceallóga, sa chaifitéire.

A sé: Bíonn a Mhamaí ag iarraidh air an sailéad a ithe, ní sceallóga. An mbíonn Mamaí Chiaráin ag iarraidh air an sailéad a ithe? Bíonn a Mham ag iarraidh air an sailéad a ithe, ní sceallóga.

A seacht: Ceannaíonn agus itheann Ciarán na sceallóga. An gceannaíonn Ciarán an sailéad? Ní cheannaíonn Ciarán an sailéad. Ceannaíonn agus itheann sé sceallóga.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE