10 - Téann Seán Chuig Cóisir Lá Breithe
Scéal a deich:
Téann Seán Chuig Cóisir Lá Breithe.
Tá Seán ag dul chuig cóisir lá breithe.
Caithfidh sé bronntanas a cheannach do Shíle.
Ní théann Seán chuig go leor cóisirí, áfach.
Tá sé neirbhíseach agus níl a fhios aige cad a cheannach.
Is maith le Síle seodra, ainmhithe, agus an dath gorm.
Téann Seán chuig siopa seodra.
Feiceann sé muince dheas airgid.
Tá cat gorm ar an muince.
Tá áthas ar Sheán, agus ceannaíonn sé an mhuince.
Tá súil aige go dtaitneoidh an mhuince le Síle.
Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil
Tá mé ag dul chuig cóisir lá breithe.
Caithfidh mé bronntanas a cheannach do Shíle.
Ní théim chuig go leor cóisirí, áfach.
Táim neirbhíseach agus níl a fhios agam cad a cheannach.
Is maith le Síle seodra, ainmhithe, agus an dath gorm.
Téim go dtí siopa seodra.
Feicim muince dheas airgid.
Tá cat gorm ar an muince.
Tá áthas orm, agus ceannaím an mhuince.
Tá súil agam go dtaitneoidh an mhuince le Síle.
Ceisteanna:
A haon: Tá Seán ag dul chuig cóisir lá breithe do Shíle. An bhfuil Seán ag dul chuig cóisir lá breithe? Tá, tá Seán ag dul chuig cóisir lá breithe do Shíle.
A dó: Ní théann Seán chuig go leor cóisirí, mar sin mothaíonn sé neirbhíseach. An dtéann Seán chuig go leor cóisirí? Ní théann Seán chuig go leor cóisirí, mar sin mothaíonn sé neirbhíseach.
A trí: Is maith le Síle ainmhithe, agus an dath gorm. An maith le Síle ainmhithe? Is ea, is maith le Síle ainmhithe, agus is maith léi an dath gorm freisin.
A ceathair: Téann Seán chuig siopa seodra. An dtéann Síle chuig siopa seodra? Ní théann Síle chuig siopa seodra, ach téann Seán.
A cúig: Feiceann Seán muince airgid. An bhfeiceann Seán fáinne airgid? Ní fheiceann, feiceann sé muince airgid, ní fáinne.
A sé: Is airgead é an mhuince. An airgead, nó an ór í an mhuince? Is airgead í an mhuince, ní ór.
A seacht: Tá cat gorm ar an muince. An bhfuil cat corcra ar an muince? Níl. Tá cat gorm ar an muince.
A hocht: Ceannaíonn Seán an mhuince mar tá súil aige go dtaitneoidh an mhuince le Síle. An gceannaíonn Seán an mhuince? Ceannaíonn Seán an mhuince mar tá súil aige go dtaitneoidh an mhuince le Síle.