×

Vi använder kakor för att göra LingQ bättre. Genom att besöka sajten, godkänner du vår cookie-policy.

LingQ Mini Stories, 20 - Tá Aoife ag Iarraidh Dul Go Dtí an… – Text to read

LingQ Mini Stories, 20 - Tá Aoife ag Iarraidh Dul Go Dtí an Obair

Nybörjare 2 Iriska lesson to practice reading

Börja lära dig lektionen nu

20 - Tá Aoife ag Iarraidh Dul Go Dtí an Obair

Scéal a fiche:

Tá Aoife ag Iarraidh Dul Go Dtí an Obair.

Tá Aoife ag iarraidh dul ag obair.

Tá sí ag iarraidh a carr a thosú.

Ach tá sé rófhuar amuigh. Mar sin, níl a carr ag tosú.

Seiceálann sí sceideal na mbusanna ar dtús.

Tá busanna na cathrach rómhall.

Seiceálann sí sceideal na dtraenacha ina ionad sin. Tá na traenacha ag rith in am.

Socraíonn sí an traein a thógáil chun na hoibre.

Tá súil aici nach mbeidh sí déanach don obair.

Seo é an scéal céanna á insint ar bhealach difriúil:

Bhí orm dul ag obair.

Rinne mé iarracht mo charr a thosú.

Ach bhí sé rófhuar amuigh.

Mar sin, ní thosódh mo charr.

Sheiceáil mé an sceideal bus ar dtús.

Bhí busanna na cathrach rómhall.

Sheiceáil mé an sceideal traenach ina ionad sin.

Bhí na traenacha ag rith in am.

Shocraigh mé an traein a thógáil chun na hoibre.

Bhí súil agam nach mbeinn déanach don obair.

Ceisteanna:

A haon: Tá Aoife ag iarraidh dul ag obair. An bhfuil Aoife ag iarraidh dul ag obair?

Tá, tá Aoife ag iarraidh dul ag obair.

A dó: Tá sé fuar amuigh. An bhfuil sé te amuigh? Níl, níl sé te lasmuigh. Tá sé fuar amuigh.

A trí: Ní thosaíonn carr Aoife mar tá sé rófhuar amuigh. An dtosaíonn carr Aoife? Ní thosaíonn carr Aoife mar tá sé rófhuar amuigh.

A ceathair: Seiceálann Aoife sceideal na mbusanna ar dtús. An seiceálann Aoife sceideal na dtraenacha ar dtús? Ní sheiceálann. Seiceálann Aoife sceideal na mbusanna ar dtús.

A cúig: Bhí busanna na cathrach rómhall. An raibh busanna na cathrach mall? Bhí, bhí busanna na cathrach rómhall.

A sé: Bhí na traenacha ag rith in am. An raibh na traenacha ag rith go déanach? Ní raibh, ní raibh na traenacha ag rith go déanach. Bhí siad ag rith in am.

A seacht: Shocraigh Aoife an traein a thógáil chun na hoibre. Ar shocraigh Aoife an bus a thógáil chun oibre? Níor shocraigh Aoife an bus a thógáil. Shocraigh sí an traein a thógáil chun na hoibre.

A hocht: Bhí súil ag Aoife nach mbeadh sí déanach don obair. An raibh Aoife ag iarraidh a bheith déanach? Ní raibh, ní raibh sí ag iarraidh a bheith déanach. Bhí súil aici nach mbeadh sí déanach don obair.

Learn languages from TV shows, movies, news, articles and more! Try LingQ for FREE